Locum Consultant Medical Ophthalmologist
Job Description

The Royal Victoria Eye and Ear Hospital is a voluntary acute specialist hospital and is the national tertiary centre for the treatment of Ophthalmic, Ear, Nose, Throat, Head and Neck disorders. Recognised as a University Teaching Hospital, it has a tradition of care stretching back to 1814 and has looked after patients on its present site since 1904.
Applications are invited from suitably qualified candidates for the following posts;
- LOCUM CONSULTANT MEDICAL OPHTHALMOLOGIST
Community Healthcare Organisation Area 7, Dublin South, Kildare & West Wicklow 28 hours, Royal Victoria Eye and Ear Hospital 9 hours
Maternity leave locum
This is an appointment to the Community Healthcare Organisation Area 7 on a Public Only Consultants’ Contract 2023 by the Health Service Executive. The initial commitment for this post will be to Community Healthcare Organisation Area 7 for 28 hours per week Royal Victoria Eye and Ear Hospital for 9 hours per week.
- PART TIME CONSULTANT MEDICAL OPHTHALMOLOGIST (0.50 WTE)
Community Healthcare Organisation Area 6, Wicklow, Dun Laoghaire, Dublin South East, 14 hours,
Royal Victoria Eye and Ear Hospital 4.5 hours
This is an appointment to the Community Healthcare Organisation Area 6 on a Public Only Consultants’ Contract 2023 by the Health Service Executive. The initial commitment for this post will be to Community Healthcare Organisation Area 6 for 14 hours per week Royal Victoria Eye and Ear Hospital for 4.50 hours per week.
These posts may be subject to restructuring in the future to facilitate the reorganisation of acute services in line with new clinical models of acute and community services. It is noted that the posts must be congruent with the requirements of, and facilitate implementation of national health policy, the HSE’s National Clinical Programmes including commitment to deliver the relevant performance outcomes.
The following qualifications shall apply:-
- Professional Qualifications
(a) Registration as a specialist in the Specialist Division of the Register of Medical Practitioners maintained by the Medical Council in Ireland in the specialty of ophthalmology.
- Entry to competition and subsequent appointment
For the purposes of eligibility for entry to any competition or recruitment process associated with this post, a candidate must fulfil the eligibility requirements laid down in consultant appointment documents for the post.
The successful interviewee must be registered as a Specialist in the relevant speciality on the Specialist Division of the Register of Medical Practitioners maintained by the Medical Council of Ireland before taking up appointment. The candidate will be allowed a max of 180 calendar days from date of interview to secure this registration and produce evidence of special interest training where relevant.
Should the successful candidate not be registered as a Specialist at that time, the post may be offered to the next suitable candidate. Should no suitable candidate exist, a further recruitment process may be initiated.
Informal enquiries in respect of the above post to Mr Donal Brosnahan, Clinical Director, Royal Victoria Eye and Ear Hospital at 01 6343615.
Candidates should submit a full Curriculum Vitae (5 copies unbound) with a cover letter nominating three named referees (one of which should be current) and evidence of IMC Registration to the Director of Human Resources, Royal Victoria Eye and Ear Hospital, Adelaide Road, Dublin 2 or via email to nora.szilagyi@rveeh.ie to arrive not later than: Midday on Friday 18th August 2023
Is ospidéal speisialtóireachta géarmhíochaine deonach é Ospidéal Súil is Cluas Victoria Ríoga a agus is é an t-ionad treasach náisiúnta é chun cóireáil a dhéanamh ar neamhoird Oftalmacha, Cluas, Srón, Scornach, Ceann agus Muineál. Aithnítear é mar Ospidéal Oiliúna Ollscoile, tá traidisiún cúraim aige a théann siar go 1814 agus tá cúram á thabhairt d’othair ar a shuíomh reatha ó 1904.
Fáiltítear roimh iarratais ó iarrthóirí atá cáilithe go cuí do na poist seo a leanas;
- OFTAILMEOLAÍ COMHAIRLEACH MÍOCHAINE IONAID
Limistéar 7 na hEagraíochta Cúram Sláinte Pobail, Baile Átha Cliath Theas, Cill Dara & Iarthar Chill Mhantáin 28 uair an chloig, Ospidéal Súil agus Cluas Victoria Ríoga 9 n-uaire an chloig
Ionadaí saoire máithreachais
Is ceapachán é seo chuig Limistéar 7 na hEagraíochta Cúram Sláinte Pobail ar Chonradh Comhairleoirí Poiblí Amháin 2023 ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Is do Limistéar 7 na hEagraíochta Cúram Sláinte Pobail a bheidh sa ghealltanas tosaigh don phost seo ar feadh 28 n-uaire in aghaidh na seachtaine Ospidéal Súil agus Cluas Victoria Ríoga ar feadh 9 uair in aghaidh na seachtaine.
- OFTAILMEOLAÍ MÍOCHAINE COMHAIRLEACH PÁIRTAIMSEARTHA (0.50 WTE)
Limistéar 6 na hEagraíochta Cúram Sláinte Pobail, Chill Mhantáin, Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath Thoir Theas 14 uair an chloig,
Ospidéal Súil agus Cluas Victoria Ríoga 4.5 uair an chloig
Is ceapachán é seo chuig Limistéar 7 na hEagraíochta Cúram Sláinte Pobail ar Chonradh Comhairleoirí Poiblí Amháin 2023 ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Is do Limistéar 6 na hEagraíochta Cúram Sláinte Pobail a bheidh sa ghealltanas tosaigh don phost seo ar feadh 14 n-uaire in aghaidh na seachtaine Ospidéal Súil agus Cluas Victoria Ríoga ar feadh 4.50 uair in aghaidh na seachtaine.
D’fhéadfadh na poist seo a bheith faoi réir athstruchtúrú amach anseo chun atheagrú seirbhísí géarmhíochaine a éascú i gcomhréir le samhlacha cliniciúla nua de sheirbhísí géarmhíochaine agus pobail. Tugtar ar aird go gcaithfidh na poist a bheith i gcomhréir le riachtanais Chláir Chliniciúla Náisiúnta FSS, agus cur i bhfeidhm an bheartais sláinte náisiúnta a éascú, lena n-áirítear tiomantas na torthaí feidhmíochta ábhartha a sheachadadh.
Beidh feidhm ag na cáilíochtaí seo a leanas:-
- Cáilíochtaí Gairmiúla
(a) Clárú mar speisialtóir i Rannán Speisialtóra Chlár na Lia-Chleachtóirí arna chothabháil ag Comhairle na nDochtúirí Leighis in Éirinn i speisialtacht na oftailmeolaíochta.
- Iontráil sa chomórtas agus ceapachán ina dhiaidh sin
Chun críocha incháilitheachta le haghaidh iontrála in aon chomórtas nó in aon phróiseas earcaíochta a bhaineann leis an bpost seo, ní mór d’iarrthóir na ceanglais incháilitheachta atá leagtha síos i gcáipéisí ceapacháin sainchomhairleoirí don phost a chomhlíonadh.
Ní mór don agallaí rathúil a bheith cláraithe mar Speisialtóir sa speisialtacht ábhartha ar Rannán Speisialtóra Chlár na Lia-Chleachtóirí arna chothabháil ag Comhairle na nDochtúirí Leighis sula dtéann sé/sí i mbun ceapacháin. Tabharfar 180 lá féilire ar a mhéad don iarrthóir ó dháta an agallaimh chun an clárú seo a dhaingniú agus fianaise ar oiliúint sainspéise a thabhairt ar aird nuair is ábhartha.
Mura mbeidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi cláraithe mar Speisialtóir ag an am sin, féadfar an post a thairiscint don chéad iarrthóir oiriúnach eile. Mura bhfuil iarrthóir oiriúnach ann, féadfar tús a chur le próiseas earcaíochta eile.
Fiosrúcháin neamhfhoirmiúla maidir leis an bpost thuasluaite chuig an Uasal Donal Brosnahan, Stiúrthóir Cliniciúil, Ospidéal Súil agus Cluas Victoria Ríoga ag 01 6343615.
Ba cheart d’iarrthóirí Curriculum Vitae iomlán (5 chóip neamhcheangailte) a chur isteach le litir chumhdaigh ag ainmniú triúr moltóirí ainmnithe (ba chóir ceann acu a bheith reatha) agus fianaise ar Chlárú IMC chuig Stiúrthóir na nAcmhainní Daonna, Ospidéal Súil agus Cluas Victoria Ríoga, Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath 2 nó trí ríomhphost chuig nora.szilagyi@rveeh.ie le teacht tráth nach déanaí ná: Meán lae Dé hAoine an 18 Lúnasa 2023